Friday 21 January 2011

Oireachtas Gaeilge Cheanada - 1ú IÚIL (July 1) 2011.

COMÓRTAS AG CEILIÚRADH TEANGAN, CULTÚIR AGUS EALÁION DÚCHASACHA NA hÉIREANN.
(For English version, see below)


Tabharfaidh an 1ú lá de mhí Iúil 2011 ré speisialta isteach i saol na teanga agus na h-ealaíon Gaelacha lasmuigh d'Éirinn. Mar ar an lá sin tosóidh an chéad Oireachtas Cheanada riamh - comórtas trí la – agus é go léir á reáchtáil trí mheán na Gaeilge. Imeasc na n-imeachtaí beidh amhránaíocht, rince, ceol agus litríocht. Beidh na h-imeachtaí go léir oscailte do gach aois agus gach cumas mar is príomhaidhm na h-ócáide ná go mbainfimis taitneamh agus sult as agus sinn ag ceiliúradh, ag caomhnú agus ag cothú teanga cultúir agus ealaíon dúchasacha na hÉireann.

Cosúil le Oireachtas na Gaeilge in Éirinn beidh idir amhránaíocht sean-nós agus rince sean-nós. Beidh rincí seit san aireamh chomh maith le hamhránaíocht i stíleanna Gaelacha eile seachas sean-nós. Imeasc na catagóirí ceoil beidh an chláirseach, an píb uilleann agus bannaí ceoil. Sa chomórtas Gaeilge beidh an teanga labhartha (scéalaíocht, comhrá, óráid, lúibíní) agus catagóir liteartha. Is féidir le scríbhneoirí, nach Ceanadaigh iad, saothair ar ábhair Cheanadacha as Gaeilge a chur isteach. Óir go mbeidh na h-imeachtaí go léir – na comórtais, céilí, ceol, siamsa, aíonna speisialta – ag tosú ar an 1ú lá Iúil beidh siad ag comhtharlú le, agus ag comhlíonadh, Féile agus breithlá Cheanada a bhunadh ar an lá sin i 1867.

D'éirigh an tionscnamh seo as smaoineamh a phléadh agus a chuireadh faoi bhráid comhdháil Fhís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh – atá faoi choimirce Glór na nGael – i Nua Eabhrach i 2008 agus mar thoradh de sin beidh teacht le chéile anseo de ghrúpaí Gaeilge áirithe ó Mheiriceá Thuaidh agus Éire. Chomh maith leis na cainteoirí líofa agus dúchasacha tá na h-eagraithe dóchasach go mbeidh an ócáid mealltach don bhánú is déanaí de Ghaeilgeoirí as Éire agus do gach uile fhoghlaimeoir. Ba mhaith leis na h-eagraithe cuireadh fáilteach a shíneadh chuig gach grúpa Gaeilge in Éirínn ar mhaith leo páirt a ghlacadh le h-iomaitheoirí nó le moltóirí.

Is é Cumann na Gaeltachta – buaiteoir Duais Ghaeilge Dhomhanda 2007/8 – a bheidh mar óstach ar na comórtais agus na h-eachtraí ag Gaeltacht an Oileáin Úir. Tá an Ghaeltacht suite amuigh faoi thuath álainn Ontario in aice le bailte beaga Erinsville agus Tamworth; ar 60 acra de mhíntír le trá álainn ar abhainn an Bhradáin. Ba é Declan Kelly Ambasadóir na hÉireann a d'oscail an Ghaeltacht go h-oifigiúil i Iúil 2007. Ag an am sin fuarthas litir oifigiúil chomhghairdis ó Éamonn Ó Cúiv Aire Gnóthaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta. Tá ardáthas ar Chumann na Gaeltachta an eachtra oirnithe seo a láithriú le súil ar a rath agus bláth sna blianta romhainn..

Tosóidh an fleáchas Dé hAoine 1ú Iúil 2011 le Paráid Lá Cheanada agus fágfaimid slán ag a chéile le bróinse ar an nDomhnach 3ú Iúil. Fáilte roimh gach ceist agus tuilleadh eolais ghinearálta le fáil ó:
 Aralt Mac Giolla Chainnigh kenny-h@rmc.ca
Clár Ní Dhuibhir claredwyer@aol.com
Facebook link

- - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - - -
FIRST "OIREACHTAS CHEANADA" TO BE HELD
A Celebratory Competition of Indigenous Irish Language, Culture and Arts will mark an exciting time for the Irish language and arts outside of Ireland. The first ever Oireachtas Cheanada will kick-off a three day competition held in the Irish language and feature events in singing, dancing, music and literature. Events will be open to all ages and skill levels with the emphasis on promoting, fostering, celebrating, and above all, enjoying, indigenous Irish language, arts and culture.

Competitions and events will be hosted at Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir, by Cumann na Gaeltachta, winner of the 2007/2008 Global Gaeilge Award. The site is located in beautiful rural Ontario near the villages of Erinsville and Tamworth. Situated on 60 acres of rolling, arable land and with a scenic waterfront on the Salmon River, the Gaeltacht was officially opened in June 2007 by Irish Ambassador Declan Kelly and received an official letter of congratulations from the Minister of Rural Community and Gaeltacht Affairs at the time, Éamonn Ó Cuív. Cumann na Gaeltachta is thrilled to take on this inaugural event with an eye to its future growth and success!

Festivities commence Friday July 1, 2011 with a Canada Day parade and close Sunday July 3rd with a farewell brunch. All inquiries are welcome and general information is available by contacting: 

Aralt Mac Giolla Chainnigh - kenny-h@rmc.ca 
Clár Ní Dhuibhir - claredwyer@aol.com
Facebook link

No comments: